An cosán a ghlactaí le coirp fadó. Nuair a bhíodh corp ag teacht as Dún Lúiche go Gort an Choirce, thugtaí anuas ag Teach an Gheafta i bhFán an Bhuí é. Bhí ceangal láidir idir Dún Lúiche agus Caiseal na gCorr. Carr agus beithíoch a d'úsáid siad san am. Bhíodh na daoine ar dhroim bheithigh agus an chónair ar an charr.